COSÁN NA GEALAÍ 1st Class Skills Book

  • Format: Paperback / softback
  • Authors: Máire Nic an Bhaird
  • Language: English
  • Book Publisher: Gill

Is Clár Gaeilge úrnua spraíúil idirghníomhach é Cosán na Gealaí atá ailínithe go hiomlán le Curaclam Teanga na Bunscoile.

Show more
Product code:
9780717193172
RRP £13.65 ex.vat

Is Clár Gaeilge úrnua spraíúil idirghníomhach é Cosán na Gealaí atá ailínithe go hiomlán le Curaclam Teanga na Bunscoile.

Gheofar sa Leabhar Scileanna gníomhaíochtaí a thacóidh le gach cuid den chlár. Is cur chuige téamach é ina bhfuil naoi n-aonad oibre, ionas gur féidir na trí shnáithe – an Léitheoireacht, an Scríbhneoireacht agus an Chaint - a thabhairt le chéile ar shlí chiallmhar.

 

Is iad seo a leanas na codanna eile de chlár Cosán na Gealaí do na Naíonáin Shóisearacha:

9 leabhar bheaga le Stór Focal agus Scéal

9 leabhar pictiúr* áille Gaeilge

Leabharlann Dhigiteach* chuimsitheach:

  • 9 bPóstaer Cainte
  • 9 gComhrá
  • Cluichí fónaice agus foclóra
  • Dánta, rannta agus amhráin
  • R-leabhair idirghníomhacha de na leabhair léitheoireachta le fuaim
  • Acmhainní in-íoslódáilte lena n-áirítear:

–             Stáisiúin Aistear

–             Ábhair litearthachta inchlóite

–             Smaointe agus bileoga oibre maidir le difreáil

–             Ábhair thacaíochta don Mheasúnú

Leabhar Pleanála agus Acmhainní an Mhúinteora*, lena n-áirítear:

  • Foramharc bliantúil agus pleananna coicísiúla mapáilte le Curaclam Teanga na Bunscoile
  • Pleananna Míosúla
  • Ceachtphleananna mionsonraithe do gach cuid den chlár

 

*SAOR do ranganna a roghnaíonn é

 

EXPLORE MORE: www.gilleducation.ie/primary/cosan-na-gealai